View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Ceol na nOileán, Sraith nua Cláranna ar Oileáin, Cléire san áireamh.

Tugann Ceol na nOiléan , sraith ceoil spreagúil TG4, cuairt ar Oileán Reachrainne i dteannta Clann Black agus ceoltóirí eile ón oileán. Leanann an tsraith ceoil bhríomhar seo ar TG4 sna seachtainí amach romhainn ag tabhairt sárthaispeántas don chultúr saibhir ceoil ata ar fáil ar oileáin álainn na hÉireann. Ag tosnú ar an Domhnach 25ú Meán Fómhair – tugann an tsraith nua seo de cheithre chlár cuairt ar oileán faoi leith gach seachtain, ag tosnú le Oileán Reachrainne ar chósta Aontroime. Tugann an chéad chlár deis don lucht féachana aithne a chur ar oileán álainn seo i dteannta Clann Black agus ceoltóirí eile de chuid an oileáin. Ní haon strainséirí de chuid Reachrainne iad Mary, Francis agus Michael Black. Is breá leo uilig cuairt a thabhairt ar áit dhúchais a n-athar gach samhradh i dteannta a dteaghlaigh féin. Cosúil le mórán eile de bhunadh an oileáin, léiríonn Teaghlach Black go cinnte an meas mór atá ar cheol ar an oileán. San chéad chlár de Cheol na nOileán tugann siad ceolchoirm do mhuintir an oileáin agus labhraíonn faoin ngrá mór atá acu don áit agus ar an tionchar a bhí ag an oileán orthu. Glacann na hamhránaithe Teresa Mc Faul agus John Mc Curdy páirt sa chlár freisin maraon le damhsóirí de chuid an oileáin agus déanann Sorcha Nic Lochlainn agus Gusty Mc Curdy cur síos ar thradisiún ceoil an oileáin agus an tionchar atá ag a suíomh chomh gar sin d’Albain, ar an tradisiún sin. Is sraith nuálach é Ceol na nOileán a thugann léargas ar an stair a bhaineann le traidisiún ceoil agus siamsaíochta oileáin faoi leith thart ar an gcósta, an chaoi a d’fhorbair an tradisiún sin i rith na mblianta agus an staid ina bhfuil sé inniu. Tá an tírdreach sonrach a bhaineann le gach oileán mar eilimint ghníomhach i ngach clár agus taispeántar íomhanna tarraingteacha ó thimpeallacht an oileáin le cur le mothúcháin an phíosa ceoil nó an amhráin atá faoi chaibidil. Chomh maith leis na ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí, déanann beirt nó triúr saineolaí cur síos ar scéal an cheoil i ngach oileán faoi leith. Baintear úsáid as ábhar cartlainne idir fís agus fuaim maraon le sean-ghriangraifeanna. Le linn na dara sraithe seo, tabharfaidh Ceol na nOileán cuairt ar Oileán Reachrainne Aontroime, Oileán Chléire Chorcaigh, Árainn Mhór Thír Chonaill, agus Oileán Cliara agus Inis Tuirc Mhuigh Eo. Beidh na cláir le feiceáil ar TG4 gach Domhnach ó 25ú Meán Fómhair ag 10.00 i.n agus beidh athchraoladh gach Aoine ón 30ú Mean Fómhair ag 8.30 i.n. Dáta Am Teideal 25/09/2011 22:00: Ceol na n-Oileán - Reachrainn 02/10/2011 22:00: Ceol na n-Oileán - Cléire 09/10/2011 22:00: Ceol na n-Oileán - Arainn Mhór 16/10/2011 22:00: Ceol na n-Oileán - Cliara & Inis Tuirc Athchraoladh Dáta Am Teideal 30/09/2011 20:30: Ceol na n-Oileán - Reachrainn 07/10/2011 20:30: Ceol na n-Oileán - Cléire 14/10/2011 20:30: Ceol na n-Oileán - Arainn Mhór 21/10/2011 20:30: Ceol na n-Oileán - Cliara & Inis Tuirc

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923