View this site:
As Gaeilge
In English
Home
Timetable
Sailing Update
Blog
Shop
Calendar
Ship Position
Fares
Cargo
Cape Clear Island
Fastnet Tours
Customer Charter
School Tours
Packaged Tours
Links
Cartoon History
Our History
Photo Gallery
Island Map
Media
All Ferry Services
Schull Ferry
Weather
  Tuairsc ar Chruinniú phoiblí ar Oilean Chleire ar an gCeadaoine 19 Eanáir 2011 faoin Seirbhís Farantóireachta.I láthair thar ceann an Chailín Óir: Séamus Ó Drisceoil,Brendan Cottrell & Cathal Cottrell.

Tráthchlár Chur an Comhlacht an tráthchlár molta I láthair an chruinniú. Tá sé seo déanta amach de réir riachtanais an rft agus chun an chinnteacht agus simplíocht is mó gur féidir a sholathar tríd an bhlaiin ar fad. Bhí plé cuimsithe faoin tráthchlár agus moltaí éagúla. Moladh go nathrófaí am fágála ar maidin go 8.00am chun seans a thabhairt do dhaoine dul & teacht ón Sciobairín don bhád ag 10.30 am nó b’fheidir obair sa mhór thír don lá. Mheas an comhlacht nach bhféadfaí athru chomh raidiceadh a chur i bhfeidmh gan dul i gcomhairle le gach éinne san Oilean. Mheas daoine eile gur beag gnóanna a bheadh ar oscailt ag an am sin ach gur cheart am seoaldh 10.30 ó Dhún na Séad a chur siar go 11.00 am le linn an Gheimhridh agus cheadhód sé seo do dhaoine mar shampla traill ar an gClinic a osclaíonn ag 10.00 am. Glacadh go fonnmhar leis an moladh seo. Mhínigh an Comhlahct gur mhaith leo deireadh a chur leis na seoltaí luath maidin Dé Luain in Iuil & Lúnasa de bharr nach bhfuil móran éileamh ann dóibh bunaithe ar an fíguirí agus gur in am scoile a cheart an seoladh seo a bheith ann. Bheadh an Comhlacht sásta na seoltai seo a ‘thabhairt ar ais’, trí seoltaí neamh rialto a sholáthar ag amantaí eile nuair atá gá leo. D’fhéadach an Coiste Monatóireacht é seo a rialiú. Bhí an cruinniu sásta leis seo. Léiríodh diomá nach bhfuil ach seoladh amhain ar an gCeadaoine sa gheimhridh. Mhínigh an Comhlacht go raibh sé seo de réir an RFT agus go bhfeadfaí seoladh eile a athru timpeall chun go mbeadh seoladh déanach ar an gCeadaoine. Bhí go leor ple faoi seo agus ní rabhthas ábalta teacht ar réiteach a oir do gach éinne. Ar deireadh thiar bhí an Comhlacht sasta leanuint leis na seoltai seo go deireadh Aibreán seo chugainn mar’mhalairt’ ar na seoltaí luath sa Samhradh. Glacadh leis seo mar réiteach sealadach. Moladh smaoineamh ar am fágala an Oileain a chur siar go 6 pm i Meitheamh ach míniodh go raibh an moladh seo déatna roimh an chruinniú agus pléite ag an comhlacht agus gur measadh nach gcabhródh sé ó thaobh turasóireacht toisc go mbeadh an lá ró fhada do dhaoine ag teacht isteach ag 10.30 am. Glacadh le seo. Mhínigh an Comhlacht go raibh seoltaí breise á sholáthar ó Bealtaine go Meán Fómhair thar mar atá san RFT. Meastar go bhfuil said seo féin chothaithe agus go bhfuil an trí seoladh i mBealtaine ach go hairithe riachtanach chun an tardú sna figuir don mhi sin a choiméad. Seirbhís Lasta Míníodh na socruithe nua ó thaobh lasta agus go háirith an ro ro a bheith ag deanamh turas rialto gach Máirt ó Bealtaine go Meán Fómhair. Bainfidh sé seo brú on seirbhís lasta/paisinéir, ní bheidh bruascar á hiompar le paisinéirí, rud nach dea chleachtadh é agus beidh deis ag daoine gluaisteáin nó veains a thabhairt isteach go rialto. Beidh an gnáth lasta ata san RFT á hiompar gach lá sa bhád nua ar an chéad seoladh amach ón Oilean agus an cheann deireanach isteach. Níl aon athrú ar bhoscaí Fields nó seacadadh bia. Iarrfar ar dhaoine ag tabhairt leantóirí amach a bheith an nag 8.30 am roimh na paisinéirí. Deanadh roinnt moltaí, go solatharódh an Comhlacht bosca ar an gCé i gCléire chun beartanna beaga a chur ann – aontaithe, go mbeadh an bosca lasta i nDún na Sead marcailte go soiléir, - aontaithe, go mbeadh praghas liosta an Chailín Óir I bhfeidhm ar na truasnna lasta atá á sholáthar ag an Chailin Óir – aontaithe agus go mbeadh teagmhalaí amháin ó thaobh an lasta seo – aontaithe. Soiléiriodh gur cheart a chur in iul nuair atá lasta mór éigin ar an slí ach tríd is tríd go mbíonn na hamantaí & socruithe ar eolas ag na comhlachtaí ar fad atá ag seacadadh earraí go Cléire go rialto. Táillí Léirigh an Chomhlacht go mbeadh an táille Oileánach ag ardú go €8 ó 1 Feabhra 2011 de réir an RFT agus go mbeadh sé i gcoibhneas leis an táille do chuiarteoirí ata ag €16. An Roinn – Coiste Monatóireachta – Tairscint Léirigh an Chomhlacht go bhfuil fonn ar an Roinn an Coiste Monatóireachta a ath bhunú agus go mbeidh cur chuige áirithe chuige seo, san áireamh cruinniu le Pobal an Oileáin reasunta luath. Má bhí ceisteanna faoin brpoiséas tairscint nó aon rud eile mar sin is don chruinniú seo iad. Fhaidh is a bhain sé leis an Comhlacht bhí gach rud déanta de reir an bproiséas a bhí leagtha amach agus tá sé ráite sa tairscint go gcuirfí cóip móide an paipérachas a bhain leis sa Leabharlann dá néireodh linn. Deanfar é seo amárach. Órd & Eagair, Compord agus gloineacht Tá compord breise ag baint leis an Tranquility leis an suiocháin bog cludaithe agus bainfidh sé seo leis an bhád nua chomh maith. Is mian leis an Comhlacht na haiseanna seo a choimead i riocht maith ar leas an phobal/paisinéirí. Chuige seo hí bheidh cead madraí seachas madraí treoir istigh sa saloon agus ábhar salach ( boscaí uirlisí) nó mar sin a chaitheamh in airde ar na cathaoireacha. Glacadh leis seo. Scarshealbhóireacht Ardaiodh ceist faoi scarshealbhóireacht sa Comhlacht. Is cuis athas don Comhlacht go bhfuil spéis leirithe ag daoine eile scarshealbhóireacht a ghlachadh ann agus go bhfuil mion scarshealbhóireacht glachta ag an Comharchumann ann ar son Pobal an Oileáin. Go dtí seo is e €10,000 an scar is isle ach tá sé seo laghdaithe go €5,000 le haghaigh scarshealbhoirí nua. D’fheadach grúpa daoine consortium a bhunú chunn an méid seo a chur le chélle faoi mar a tharla sa Seirbhís Corcaigh-Swansea. Ba cheart do éinne gur bhfuil suim acu i scar shealbhóireacht labhairt le haon cheann de na scarshealbhoirí atá ann cheana féin. Níl aon fhreagracht nó priacall ag dul le scarshealbhóireacht thar an méid atá infheistithe ach go dtí seo tá na scarshealbhóirí taréis cabhair luachmhar a sholáthar don comhlacht i slite éagsula. Tá dearcadh fad téarmach ar fhorbairt an Oileáin/Ceantar ag na scarshealbhoirí agus tríd is tríd is iad an grúpa céanna móide daoine eile a sholáthar breise agus €30,000 don Seirbhís Cork Swansea.

email: info@cailinoir.com   telephone: 028 41923